Athbhreithniú ar bheartas eachtrach na hÉireann agus ar an gcaidreamh coigríche
Is ráiteas an beartas eachtrach faoin gcineál dreama atá ionainn mar Éireannaigh. Is é an bealach é a gcuirtear meon na tíre chun tosaigh agus ina bhféachtar le leas na tíre a thabhairt i gcrích thar lear. Féachaimid tríd an mbeartas leis an rachmas eacnamaíochta a thabhairt i gcrích agus leis an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir.
Mar a mhíníonn an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, 'Tá ambasáidí na hÉireann agus oifigí taidhleoireachta agus consalachta eile san Eoraip agus ar fud an domhain ag obair ar a ndícheall chun ár gcuid cuspóirí a thabhairt i gcrích - ag cuidiú le lucht gnó na hÉireann, ag spreagadh infheistíochta agus turasóireachta, ag cur seirbhísí ar fáil do shaoránaigh na hÉireann, ag cur bheartas na hÉireann maidir le Forbairt Idirnáisiúnta i bhfeidhm agus ag seasamh ar son leas agus mheon na tíre.' Sin í gnáthobair na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála lá i ndiaidh an lae.
Tá rún daingean ag an Rialtas cinntiú go ngnóthaítear an buntáiste is fearr is féidir ó na hacmhainní a chaithimid leis an gcaidreamh idirnáisiúnta agus go mbíonn tionchar ag Éirinn i gcónaí agus meas uirthi i measc an phobail idirnáisiúnta.
Fágann timpeallacht dhomhanda atá faoi athrú chomh tréan sin gur gá dúinn bheith solúbtha sochóirithe i mbun an chúraim. D'fhonn cinntiú go mbíonn an meascán ceart de bheartais agus d'uirlisí againn chun meon agus leas na tíre a chur chun cinn thar lear, tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag tabhairt faoi athbhreithniú ar bheartas eachtrach na hÉireann agus ar an gcaidreamh coigríche.
Is deis an t-athbhreithniú seo machnamh a dhéanamh faoi na bealaí inar féidir linn leaniúnt ag freastal do leas mhuintir na hÉireann, cion tairbhe a dhéanamh dóibh maidir le slándáil, rachmas agus maitheas, agus an meon atá againn a chur chun cinn trí chaidreamh gníomhach idirnáisiúnta.
Tugtar cuireadh duit do chuid tuairimí a chur in iúl faoi na bearta príomhthábhachta agus na cuspóirí ba cheart a bheith ag baint leis an mbeartas eachtrach. Is cuid den athbhreithniú an deis ag daoine den phobal a gcuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl.
Tá eolas faoin modh chun aighneacht a chur faoi bhráid le léamh anseo.