Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Comhbheartais

Baineann go leor de na beartais a dhéanann an tAontas Eorpach (AE) le saincheisteanna inmheánacha a mbíonn tionchar díreach acu ar shaol an duine ó lá go lá. Tugtar comhbheartais orthu freisin mar go mbíonn tionchar acu ar gach ballstát den AE agus bíonn baint mhór ag Éirinn lena bhforbairt agus lena bhfeidhmiú.

common-policies--fishing-ship

  • An Margadh Aonair
  • Talmhaíocht
  • Fostaíocht
  • Comhshaol
  • Ceartas agus gnóthaí baile

An Margadh Aonair

An Margadh Aonair

Margadh os cionn 500 milliún duine

Is dócha gurb é an Margadh Aonair an beartas inmheánach is suntasaí den AE. Ceadaítear do mhuintir na hÉireann agus d'earraí agus do sheirbhísí gluaiseacht go saor idir 27 ballstát eile den AE agus tá rochtain mar thoradh air sin ag Éirinn ar bhreis agus 500 milliún duine.

Buntáistí

Saorghluaiseacht a cheadú

Is féidir le saoránaigh na hÉireann taisteal agus oibriú i ngach áit laistigh den AE gan ghá le víosaí, ceadanna ná rialúcháin eile.

Costais a laghdú

Tá sé níos saoire anois do dhaoine agus d'earraí gluaiseacht gan stró idir ballstáit, a bhuíochas sin d’éascú rialacháin do thionscail mar iompar.

Geilleagair atá i mbéal forbartha

Chomh maith le cuidiú leis an tionscal baile forbairt, téann an Margadh Aonair chun sochair geilleagair oscailte mar Éirinn trí ligean do chuideachtaí ilnáisiúnta ó thar lear lonnú anseo agus rochtain iomlán acu ar mhargaí na mballstáit eile freisin.

Cur le hiomaíochas

Déanann an Coimisiún Eorpach iarracht a chinntiú go bhfuil machaire cothrom ann do gach gnó a bhíonn ag feidhmiú sa Mhargadh Aonair trí dhéileáil le saincheisteanna iomaíochais idir chuideachtaí san Eoraip.

Caighdeáin comhsheasmhacha a chinntiú

Chun go n-oibreoidh sé go héifeachtach, ní mór don Mhargadh Aonair caighdeáin chomónta táirgí a bheith ann chomh maith le rialacháin chomónta. Ceadaíonn na hInstitiúidí AE reachtaíocht go minic sna réimsí sin.

Talmhaíocht

Talmhaíocht

Talmhaíocht na hÉireann a fhorbairt

Is earnáil thábhachtach an talmhaíocht de gheilleagar na hÉireann agus mar sin is beartas suntasach AE d'Éirinn an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT). Tá sé mar aidhm leis an CBT a chinntiú go bhfaigheann feirmeoirí praghas cóir ar a dtáirgí agus go gcinnteodh siad féin go bhfuil a gcuid táirgí ar chaighdeán ard cáilíochta, sláinteachais agus sábháilteachta de réir mar atá leagtha síos ag an AE.

Buntáistí

Ag tacú le cáilíocht

Tacaíonn an CBT le feirmeoirí agus le gnó talmhaíochta chun na nithe seo a leanas a chinntiú:

  • Dóthain bia ar ardchaighdeán a tháirgeadh do thomhaltóirí
  • Cuidiú le forbairt cheantair faoin tuath
  • Caighdeáin arda comhshaoil agus leasa ainmhithe a choimeád

Nuálaíocht a chur chun cinn

Tá sé mar aidhm leis an CBT freisin nuálaíocht a chur chun cinn ó thaobh feirmeoireachta agus táirgeadh bia chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus an tionchar a bhíonn ag feirmeoireacht ar an gcomhshaol a laghdú. Cuidíonn sé sin le feirmeoirí teacht a bheith acu ar na modhanna teicneolaíochta agus feirmeoireachta is déanaí.

Forbairt maoinithe

Tá beagnach €50 billiún de mhaoiniú CAP faighte ag Éirinn idir 1973 agus 2011.  Chuidigh an maoiniú sin le feirmeoirí na hÉireann éagsúlú agus cur lena gcuid oibríochtaí agus a chinntiú go bhfuiltear chun cinn ó thaobh na bhforbairtí is déanaí maidir leis an bhfeirmeoireacht.

Fostaíocht

Fostaíocht

Cearta na n-oibrithe a chosaint

Tá sé mar aidhm ag an AE leibhéal ard fostaíochta, agus cearta sóisialta agus coinníollacha d’oibrithe fud fad an Aontais a bhaint amach.

Buntáistí

Caighdeáin oibre a fheabhsú

Leagan an AE síos íosriachtanais don dlí náisiúnta fostaíochta chun leibhéal maith cosanta a chur ar fáil d’oibrithe. Mar thoradh air sin, tháinig feabhas mór ar chaighdeáin oibre in Éirinn agus ar fud an AE, go háirithe i réimsí mar am oibre, saoire tuismitheoirí agus sláinte agus sábháilteacht.

Forbairt scileanna agus fostaíochta a mhaoiniú

Dáileann an AE maoiniú freisin ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú. Cuidíonn sé sin le hoibrithe poist nua a fháil agus scileanna nua a fhorbairt sa chás gur chaill siad a bpoist mar thoradh ar phatrúin trádála domhanda a bheith ag athrú. Fuair go leor oibrithe as Éirinn buntáiste díreach as an gciste seo.

Cuidíonn Ciste Sóisialta na hEorpa freisin chun deiseanna fostaíochta a fhorbairt ar fud an AE trí chuidiú le hoibrithe a scileanna a fhorbairt i margadh post atá ag athrú de shíor.

Comhshaol

Comhshaol

Ag treorú na troda in aghaidh athrú aeráide

Tá an AE ar thús cadhnaíochta ó thaobh cosaint comhshaoil domhanda agus ó thaobh dul i ngleic le hathrú aeráide. Mar thoradh ar a gcuid iarrachtaí, tá roinnt de na cosaintí comhshaoil is láidre sa domhan ag an Eoraip.

Buntáistí

An comhshaol a chosaint

Soláthraítear creat láidir i reachtaíocht AE chun an comhshaol a chosaint agus a fheabhsú ar fud an AE. Clúdaíonn caighdeáin agus rialacháin truailliú aeir, bainistiú dramhaíola, caighdeáin uisce, úsáid ceimiceáin agus substaintí díobhálacha eile agus cosaint don bhithéagsúlacht.

Astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú

Cuireann an AE chun cinn an gá atá ann aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide agus táthar ag obair i dtreo a n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú agus ag spreagadh náisiúin agus réigiúin eile amhlaidh a dhéanamh. Tá straitéis á forbairt chun tionchair athrú aeráide a oiriúnú. Tá costas i gceist le tionchar athrú aeráide a laghdú, ach bheadh costas i bhfad níos mó i gceist san fhadtéarma mura ndéanfaí amhlaidh.

Infheistiú i dteicneolaíocht ghlas

Trí infheistiú i dteicneolaíochtaí glas a laghdaíonn astaíochtaí, tabharfar aghaidh ar athrú aeráide agus cruthófar poist agus spreagfar geilleagar na hEorpa.

Ceartas agus gnóthaí baile

Ceartas agus gnóthaí baile

An AE agus saoránaigh an AE a chosaint

Tá gá níos mó ná riamh le comhoibriú idir bhallstáit maidir le hinimirce agus saincheisteanna dlí agus ord. Tugtar aghaidh le beartais ghnóthaí baile an AE ar na saincheisteanna seo agus oibrítear chun sábháilteacht agus slándáil saoránaigh an AE agus na teorainneacha a chinntiú.

Buntáistí

Teorainneacha a chosaint

Taistealaíonn na milliúin de shaoránaigh na hEorpa trasna teorainneacha an AE gach bliain agus déanann líon mór imirceach iarracht teacht isteach san AE. Ceadaíonn beartais an AE leo na teorainneacha seachtracha a bhainistiú agus déileáil le saincheisteanna imirce dhleathach agus neamhrialta, lánpháirtiú, athghlacadh isteach agus filleadh.

Ag dul i ngleic leis an gcoiriúlacht

Tacaíonn beartais ar shlándáil inmheánach le mar a bhítear ag iarraidh dul i ngleic le coiriúlacht eagraithe agus sceimhlitheoireacht agus feabhas a chur ar chomhoibriú idir póilíní. Cuireann Réimse Comhoibrithe Schengen deireadh le rialúcháin teorann idir ballstáit mar aon le ligean d’údaráis faisnéis a mhalartú agus comhoibriú níos éifeachtaí.

Cé go mbíonn Éire rannpháirteach ó thaobh póilíneacht agus comhoibriú breithiúnach, níl Éire
ina páirtí do chomhaontú ar dheireadh a chur le rialúcháin teorann.