Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta

Is é an ICC an chéad bhuanchúirt choiriúil idirnáisiúnta riamh sa domhan agus déantar cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh a ionchúiseamh.

  • ICC
  • Reacht na Róimhe
  • Dlínse na Cúirte
  • Sainmhínithe
  • Ráitis ón Aire

ICC

An Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta

Is cúirt choiriúil idirnáisiúnta, atá bunaithe ar chonradh, í an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) san Háig atá bunaithe chun cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh a ionchúiseamh. Cé go bhfuil coir an ionsaithe ar an liosta freisin, tá dlínse na Cúirte ina thaobh sin faoi réir roinnt nósanna imeachta a comhaontaíodh ag Comhdháil Athbhreithnithe de Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a tionóladh i Kampala, Uganda ón 31 Bealtaine go dtí an 11 Meitheamh 2011.

Is eagraíocht idirnáisiúnta neamhspleách an Chúirt le caidreamh speisialta leis na Náisiúin Aontaithe. Tá an Chúirt comhlántach do dhlínsí náisiúnta sa mhéid is nach féidir léi leanúint le cás ach amháin nuair nach bhfuil ar chumas an stáit imscrúdú nó ionchúiseamh a dhéanamh nó nach bhfuil an stát sásta sin a dhéanamh. Glacadh le Reacht na Cúirte, ar a dtugtar Reacht na Róimhe, an 17 Iúil 1998 agus tháinig sin i bhfeidhm an 1 Iúil 2002.

Toisc gurb ionann aighneacht chuig dlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus aistriú i bpáirt de chumhacht ardcheannasach an Stáit chuig an gCúirt chun ceartas coiriúil a riaradh, b’éigean Bunreacht na hÉireann a leasú sula ndearnadh sin a dhaingniú. Chuige sin, cuireadh Airteagal 29.9 san áireamh leis an tríú leasú is fiche ar an mBunreacht, agus foráiltear go bhféadfaidh an Stát Reacht na Róimhe a dhaingniú.  Tá an Reacht daingnithe ag Éirinn agus dá réir sin is comhalta í Éirinn de Chomhthionól na Stát is Páirtithe.  Ina theannta sin, bhí dlíodóir Éireannach, an Breitheamh Maureen Harding Clark, ina breitheamh de chuid na Cúirte i Rannán Trialach na Cúirte ó 2003 go dtí 2006.

 

Reacht na Róimhe

Reacht na Róimhe

Déileálann Reacht na Róimhe le bunú na Cúirte, a dlínse agus na prionsabail ghinearálta den dlí coiriúil atá le feidhmiú. Leagtar amach comhdhéanamh na Cúirte agus a riaracháin, na nósanna imeachta lena n-imscrúdú, ionchúiseamh agus trialach, na pionóis a fhéadfar a ghearradh ar chiontú, agus tá soláthar ann d’achomhairc.

Ráthaíonn na nósanna imeachta faoin Reacht meas do chearta an chúisí agus cinnteofar go gcloífear le próiseas cuí. Tá oibleagáid ar na Stáit is Páirtithe comhoibriú leis an gCúirt, agus tá soláthar déanta freisin d’fhorfheidhmiú bhreithiúnais na Cúirte agus do chomhlíonadh pianbhreitheanna. Foráiltear leis an Reacht, freisin, do Chomhthionól na Stáit is Páirtithe, mar “chomhlacht reachtach agus maoirsithe bainistithe” agus do mhaoiniú na Cúirte.

Tionóladh Comhdháil Athbhreithnithe de Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i Kampala, Uganda ón 31 Bealtaine go dtí an 11 Meitheamh 2011.  Ag an gComhdháil sin comhaontaíodh an Reacht a leasú chun síneadh a chur le sainmhíniú coireanna cogaidh a thiteann laistigh de dhlínse na Cúirte agus chun forálacha a bhaineann le sainmhíniú coir an ionsaithe a chur san áireamh agus i ndáil le dlínse na Cúirte i ndáil leis an gcoir sin. 

Léigh téacs iomlán Reacht na Róimhe ina n-ionchorpraítear na leasuithe a comhaontaíodh ag an gComhdháil Athbhreithnithe in Kampala.

Dlínse na Cúirte

Dlínse na Cúirte

Leagtar amach le hAirteagal 5 de Reacht na Róimhe go bhfuil “na coireanna is tromchúisí is ábhar imní don phobal idirnáisiúnta”, eadhon, coir maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta, coireanna cogaidh agus coir an ionsaithe laistigh de dhlínse na Cúirte. D’fhoráil Reacht na Cúirte go bhféadfadh an Chúirt dlínse a fheidhmiú maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh a rinneadh i ndiaidh an dáta ar tháinig an Reacht i bhfeidhm.

An tráth ar glacadh le Reacht na Róimhe in 1998, níorbh fhéidir soláthar a dhéanamh don Chúirt dlínse a fheidhmiú maidir le coir an ionsaithe mar nach raibh aon chomhaontú déanta ag an am maidir le foráil a shainmhínigh an choir agus a leag amach coinníollacha faoina bhféadfadh an Chúirt dlínse a fheidhmiú i ndáil leis an gcoir sin. Mar sin féin, leasaíodh Reacht na Róimhe ag an gComhdháil Athbhreithnithe de Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, a tionóladh in Kampala, Uganda ón 31 Bealtaine go dtí an 11 Meitheamh 2011. Ag an 13ú cruinniú, an 11 Meitheamh 2010, ghlac an Chomhdháil le réiteach RC/Res.6 trína leasaíodh Reacht na Róimhe chun sainmhíniú choir an ionsaithe a chur san áireamh agus na coinníollacha faoina bhféadfadh an Chúirt dlínse a fheidhmiú i ndáil leis an gcoir. Tá feidhmiú iarbhír na dlínse faoi réir chinneadh atá le déanamh tar éis an 1 Eanáir 2017 ag an móramh céanna de Stáit is Páirtithe atá riachtanach do ghlacadh leasú ar an Reacht, agus bliain amháin i ndiaidh dhaingniú nó ghlacadh na leasuithe ag an 30 Stát is páirtithe, cibé acu is déanaí.

Sainmhínithe

Sainmhínithe

Códaíonn na sainmhínithe maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh atá sa Reacht an dlí idirnáisiúnta atá ann cheana féin.

  • Is ionann an sainmhíniú de chinedhíothú agus sin atá sa Choinbhinsiún ar Chosc agus Pionósú Choir an Chinedhíothaithe 1948. Áirítear na gníomhartha a leanas leis nuair a dhéantar sin leis an rún aicme náisiúnta, eitneach, ciníoch nó creidimh a scriosadh, go hiomlán nó go páirteach: daoine den aicme a mharú nó mórdhíobháil choirp nó intinne a dhéanamh dóibh, dálaí maireachtála a ghearradh de dhearbh-thoil ar an aicme dá dtiocfadh an aicme a dhíothú go hiomlán nó go páirteach, bearta a chur i bhfeidhm d'fhonn cosc a chur le breitheanna san aicme nó leanaí den aicme a aistriú go héigeanta go dtí aicme eile.
  • Áirítear leis an gcoincheap coireanna in aghaidh na daonnachta sárú tromchúiseach ar chearta an duine - sárú mar dhúnmharú, díothú, sclábhaíocht, daonra a aistriú go forneartach, príosúnacht neamhdhleathach, céastóireacht, foréigean gnéis, géarleanúint ar ghrúpa, dul ar iarraidh forfheidhme agus apartheid  - nuair a dhéantar sin mar chuid d'ionsaí forleathan nó córasach a bhíonn dírithe in aghaidh an phobail sibhialta. Féadfar coireanna in aghaidh na daonnachta tarlú le linn chogaidh agus le linn síochána.
  • Áirítear le coireanna cogaidh sárú tromchúiseach ar cheithre Choinbhinsiún na Ginéive de 1949 a dhéanann soláthar do chúram bhaill gortaithe agus tinn de na fórsaí armtha, mar a chaitear le príosúnaithe cogaidh agus sibhialtaigh a chosaint le linn coinbhleachta armtha. Áirítear ar shamplaí eile de choireanna cogaidh, d’fhonn Reacht na Róimhe, ionsaithe le linn choinbhleachta armtha in aghaidh shibhialtaigh, agus in aghaidh mhisin dhaonnachta agus mhisin choimeádta síochána, ionsaithe a bhíonn dírithe in aghaidh fhoirgnimh chreidimh, oideachais agus cultúrtha, slad, éigniú, sclábhaíocht gnéis agus striapachas forfheidhmithe agus saighdiúir ar leanaí iad a úsáid. Ag an gComhdháil Athbhreithnithe de Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, a tionóladh in Kampala, Uganda ón 31 Bealtaine go dtí an 11 Meitheamh 2011, ghlac an Chomhdháil, ag an 12ú cruinniú, an 10 Meitheamh 2010, réiteach RC/Res.5 trína ndearnadh leasú ar Reacht na Róimhe chun na coireanna cogaidh a leanas a thabhairt faoi dhlínse na Cúirte, nimh nó airm nimhe a úsáid, gás aisfisceach, nimhiúil nó eile, agus gach leacht, ábhar agus fearas atá ar aon dul leo a úsáid, agus piléir a fhairsingíonn nó a bhrúitear go héasca sa cholainn daonna a úsáid, nuair a dhéantar sin i gcoinbhleachtaí armtha nach coinbhleachtaí idirnáisiúnta iad. Thit na coireanna sin laistigh de dhlínse na Cúirte cheana féin mar shárú tromchúiseach ar dhlí agus ar chustaim infheidhme i gcoinbhleacht armtha idirnáisiúnta.

Tá an sainmhíniú ar choir an ionsaithe bunaithe ar réiteach 3314 (XXIX) Chomhthionól Ghinearálta na Náisiún Aontaithe an 14 Nollaig 1974, agus sa chomhthéacs sin áirítear coir a dhéanann ceannasaí polaitíochta nó míleata is ionann í agus sárú follasach ar Chairt na Náisiún Aontaithe mar gheall ar charactar agus scála na coire agus chomh tromchúiseach atá an choir.

Ráitis ón Aire