Próiseas na Síochána
Le próiseas síochána Thuaisceart Éireann tháinig deireadh le blianta fada coimhlinte. Bhí ról lárnach ag Rialtas na hÉireann sa phróiseas sin agus táimid fós i mbun oibre inniu.
Cúlra gairid
Rinneadh an deighilt pholaitiúil in Éirinn, a thosaigh leis na Plandálacha éagsúla ag coilínigh as Sasana agus as an Albain - go háirithe Plandáil Uladh, a dhaingniú go tíreolaíoch leis an gConradh Angla-Éireannach, a síníodh in 1921. Leis an gConradh Angla-Éireannach scoilteadh oileán na hÉireann ina dhá aonán ar leithligh, agus Tuaisceart Éireann feasta mar chuid den Ríocht Aontaithe. Idir 1921 agus 1972, bhí a Rialtas Cineachta féin ag Tuaisceart Éireann, ar leithligh ón bParlaimint in Westminster.
Mar sin féin, bhí an Rialtas sin rialaithe ag an móramh Aontachtach i dTuaisceart Éireannach agus rinneadh leithcheal ar Náisiúnaigh, ó thaobh na polaitíochta, trí chlaonroinnt ar thoghcheantair agus freisin sa mhargadh saothair agus maidir le leithdháileadh tithíochta poiblí. In 1969, nuair a chuaigh póilíní i ngleic le lámh láidir le lucht feachtais na gcearta sibhialta síochánta tharla corraíl shibhialta agus rinneadh eagraíochtaí paraimíleatacha a athbheochan.
An Comhaontú Angla-Éireannach
I ndiaidh beagnach deich mbliana den fhoréigean, i dtús na 1980idí thosaigh Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine ag obair go dlúth le chéile ag iarraidh teacht ar réiteach polaitiúil a bheadh inghlactha don phobal iomlán i dTuaisceart Éireann.
Is é , an toradh a bhí air, é sínithe ag an dá Rialtas i mí na Samhna 1985. Cheadaigh sin do Rialtas na hÉireann dearcthaí agus moltaí a chur chun cinn ar ghnóthaí Thuaisceart Éireann.
Cuireadh struchtúir in áit freisin chun cuidiú leis an dá Rialtas oibriú i dtreo réiteach fadtéarmach a fháil ar an gcoimhlint.
An Comhdhearbhú
In 1993, d’eisigh an dá Rialtas , inar leagadh amach cairt do shíocháin agus don athmhuintearas in Éirinn.
Bunaíodh na prionsabail féinchinntiúchán agus comhthoiliú i ndáil le stádas Bunreachtúil Thuaisceart Éireann. Is éard a bhí i gceist leis sin go mbeadh sé faoi mhuintir Thuaisceart Éireann féin an stádas a bheadh ag Tuaisceart Éireann sa todhchaí a chinneadh agus nach bhféadfaí sin a bhrú orthu ó lasmuigh. Leis an gComhdhearbhú freisin, fuair na daoine sin a raibh baint acu le foréigean paraimíleatach deis páirt a ghlacadh sa phróiseas polaitíochta.
Cainteanna Ilpháirtí
D’fhógair an tIRA agus paraimíleataigh Aontachtach sos cogaidh in 1994. I mí na Nollag 1995, bunaíodh comhlacht idirnáisiúnta faoi chathaoirleacht an tSeanadóra de chuid na Stáit Aontaithe George Mitchell chun airm na bparaimíleatach a dhíchoimisiúnú. Rinne an comhlacht sin tuairisciú ar an dul chun cinn a bhí á dhéanamh acu in 1996.
Mar sin féin, i mí Feabhra 1996, chuir an tIRA deireadh lena sos cogaidh agus chuaigh ar ais i mbun an fhoréigin.
Thosaigh cainteanna ilpháirtí in 1996, faoi chathaoirleacht an tSeanadóra Mitchell agus bhí Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine iad féin rannpháirteach agus na páirtithe go léir a bhí tofa i dTuaisceart Éireann. Fágadh Sinn Féin as an gcomhaireamh go dtí 1997, tráth ar fhógair an tIRA sos cogaidh eile.
Is é toradh na gcainteanna sin Comhaontú Aoine an Chéasta in Aibreán 1998.
Chun tuilleadh eolais a fháil
Tacaíonn an Ciste Athmhuintearais le grúpaí pobail agus le heagraíochtaí deonacha a oibríonn chun cur le síocháin i dTuaisceart Éireann agus chun feabhas a chur ar chaidrimh idir Thuaidh agus Theas agus idir Éirinn agus an Bhreatain.