Fógra maidir le Príobháideachas Sonraí i gcomhair Clárú Saoránach
Faisnéis a bhaineann go sonrach leis na sonraí pearsanta atá á mbailiú
Is faisnéis shonrach atá sna sonraí seo a leanas maidir leis na sonraí pearsanta a phróiseálfar faoin tsaoráid Clárú Saoránach
1. Cuspóir ar leith:
Tá na sonraí pearsanta á mbailiú/bpróiseáil chun ligean don Roinn teagmháil a dhéanamh le Saoránaigh Chláraithe i gcás ina dtarlaíonn Géarchéim Chonsalachta ina limistéar taistil.
2. An bunús dleathach:
Déantar foráil i gCoinbhinsiún Vienna ar Chaidrimh Chonsalachta 1963 don bhunús dlí atá ag an Stiúrthóireacht Consalachta chun sonraí pearsanta síntiúsóirí a phróiseáil.
3. Faighteoirí:
Ceann ar bith.
4. Aistrithe lasmuigh den AE:
Ní aistrítear aon sonraí lasmuigh den AE.
5. Tréimhse Choinneála:
Coinneofar na sonraí a thugann saoránaigh don Roinn fad is a bheidh an saoránach ar an gclár.
Ní choinneofar iad ina dhiaidh sin.
6. Nuair is oibleagáid reachtúil nó conartha é an soláthar sonraí:
Ní bhaineann le hábhar.
7. Cinnteoireacht Uathoibríoch:
Ní dhéantar aon chinnteoireacht uathoibríoch i rith an phróisis.
8. Faisnéis ó Thríú Páirtí:
Ní fhaigheann an tAonad Bainistithe Géarchéime faisnéis ó Thríú Páirtithe.