Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann
Féachtar leis an tionscadal Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann ar chartlann na Roinne Gnóthaí Eachtrach chun léargas suimiúil a thabhairt duit mar a d’fhorbair ár mbeartas eachtrach ó 1919.
Táimid ag obair le Acadamh Ríoga na hÉireann agus le Cartlann Náisiúnta na hÉireann ó 1997 chun an tionscadal Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann a thabhairt duit, sraith fíorshuimiúil d’fhoilseacháin bunábhair ónar gcartlann.
Is ábhar léitheoireachta riachtanach iad na foilseacháin sin d’aon duine a bhfuil suim acu i Nua-Stair na hÉireann agus is féidir an t-ábhar sin a íoschóipéil saor in aisce nó cóip chrua a cheannach ar líne
Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann Imleabhar 8 (1945-1948)
Ór na Naitsithe, coirpigh cogaidh ar a dteitheadh, bagairt ó chogadh núicléach agus Cumannachas ag dul ó neart go neart. Léigh mar a chuaigh taidhleoirí na hÉireann i ngleic leo sin agus le dúshláin eile i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda in Imleabhar 8 de Dhoiciméid ar Bheartas Eachtrach na hÉireann (1945-1948).
Féadfaidh tú roinnt imleabhar a íoschóipeáil saor in aisce nó leaganacha crua a cheannach ar líne.
Cé gur ceapadh roimhe seo gur beag a tharla sa tréimhse seo agus go raibh Éire aonraithe tríd is tríd, go deimhin, facthas Éire sna blianta i ndiaidh an chogaidh ag dul i ngleic le raon leathan eagraíochtaí iltaobhach, osclaíodh Ambasáidí agus Consalachtaí nua agus feabhsaíodh caidreamh na tíre seo le stáit eile, go háirithe na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain, caidrimh a raibh damáiste déanta ag an Dara Cogadh Domhanda dóibh.
Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann ó 1923 go dtí 1932
Tá cnuasach nua de dhoiciméid maidir le beartas eachtrach na hÉireann ó 1923 go dtí 1932 ar fáil saor in aisce ar líne. Seo a leanas roinnt den ábhar atá clúdaithe:
- Dearcadh idirnáisiúnta agus taidhleoireachta ar mhíonna deiridh Chogadh Cathartha na hÉireann
- Coimisiún na Teorann
- Éire a scaoileadh isteach i gConradh na Náisiún
- Comhthionóil Chonradh na Náisiún ó 1923 go dtí 1931
- Éire á toghadh chuig Comhairle an Chonartha in 1929 agus téarma na hÉireann ar an gComhairle 1930-32 (go dtí Feabhra 1932)
- Na Comhdhálacha Impiriúla 1923, 1926 agus 1931 agus beartas an Chomhlathais go dtí 1932
- Dearbhú Balfour (1926) agus Reacht Westminster (1931)
- Caidrimh déthaobhacha leis an mBreatain, leis na Stáit Aontaithe, leis an bhFrainc, leis an nGearmáin agus le Cathair na Vatacáine
- Ionradh na Seapáine ar an Manchúir
- Titim Weimar na Gearmáine agus teacht chun cinn an Naitsíochais
- Dearcadh na hÉireann ar Phlean Briand d’Aontas na hEorpa (1930)
- An Spealadh Mór
Tuilleadh eolais
Féach ar an láithreán gréasáin Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann chun tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal.