An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 – Oifigigh Phoiblí Ainmnithe
Tháinig an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2015.
Foráiltear san Acht go mbunóidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Clár ar líne maidir le gníomhaíocht bhrústocaireachta, chun faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le cé hiad na daoine a rinne teagmháil le hoifigigh phoiblí ainmnithe i ndáil le beartais shonracha, ábhair reachtúla nó cinntí ionchasacha, agus go gcoinneoidh sé an clár sin cothrom le dáta. Ní mór do bhrústocairí tuairisciú a dhéanamh i dtaobh na hidirghníomhaíochta eatarthu féin agus Oifigigh Phoiblí Ainmnithe.
Éilítear in Alt 6(4) den Acht go bhfoilseoidh gach comhlacht poiblí liosta d'Oifigigh Phoiblí Ainmnithe an chomhlachta sin. Is acmhainn é an liosta do bhrústocairí a bhfuil tuairisceán á chomhdú acu leis an gClár, más gá dóibh sonraí oifigigh phoiblí ainmnithe a aimsiú. Tá liosta Oifigigh Phoiblí Ainmnithe na Roinne Gnóthaí Eachtracha sa tábla thíos:
Ainm | Eagraíocht | Teideal |
An tUasal Micheál Martin T.D. | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Aire Cosanta |
An tUasal Seán Phléamainn, T.D. | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | An tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta |
An tUasal Peadar de Búrca, T.D | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | An tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Roinn an dTaoisigh, agus Cosanta |
Iníon Gráinne Weld | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Comhairleoir Speisialta don Tánaiste |
Iníon Laura Mannion | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Comhairleoir Speisialta don Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Roinn an dTaoisigh agus Cosanta. |
An tUasal Eoin Dubhshláine | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Chomhairleoir Speisialta don Aire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt |
An tUasal Joe Hackett | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Ard Rúnaí |
An tUasal John Conlan | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Leas Ard-Rúnaí |
Sonja Hyland Uasal | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Leas Ard-Rúnaí |
An tUasal Niall Burgess | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Dara Ard-Rúnaí |
Geraldine Byrne-Nason Uasal | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal Damien Cole | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
Maeve Collins Uasal | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal John Concannon | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
Barbara Cullinane Uasal | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal Ruairí de Búrca | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
Anne Derwin Uasal | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal Martin Fraser | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal Michael Gaffey | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal Austin Gormley | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal Tom Hanney | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
Barbara Jones Uasal | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal J P Kavanagh | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal Gerard Keown | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
Síle Maguire Uasal | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
Sarah McGrath Uasal | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal Eamonn McKee | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
Alison Milton Uasal | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal Fergal Mythen | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal Nicholas O'Brien | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
Patricia O'Brien Uasal | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal Colm Ó Floinn | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Iar-Rúnaí Cúnta |
An tUasal Eoin O'Leary | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
Fiona Penollar Uasal | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal Brendan Rogers | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Dara Ard-Rúnaí |
An tUasal Laurence Simms | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
An tUasal Declan Smyth | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Comhairleoir Dlí |
Maeve Von Heynitz Uasal | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Rúnaí Cúnta |
Is é An tUasal Thomas Bellew, Leas Stiúrthóir an Aonaid um Shlándáil, Comhordú agus Comhlíonadh, an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an tOifigeach Ainmnithe maidir le dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.
Treoir
Faoin reachtaíocht, tá ról ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i dtaobh treoir agus faisnéis a eisiúint agus an tuiscint ar an reachtaíocht a chur chun cinn. D'fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin, i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, treoir d'Oifigigh Phoiblí Ainmnithe maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil.
Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an reachtaíocht agus treoir bhreise faoin Acht ar fáil ar an suíomh gréasáin maidir le Brústocaireacht a Rialáil ag www.lobbying.ie. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil freisin.