Fógra Tábhachtach don Phobal : Athlonnú Oifig na bPasanna
Ón 29 Márta 2016 beidh ceanglas tábhachtach nua i bhfeidhm i dtaobh aitheantais i gcás daoine fásta atá ag déanamh iarratais chéaduaire agus ina gcás siúd ar eisíodh a bpas deireanach roimh an 1 Eanáir 2005 agus a bhfuil sé tuairiscithe ina leith ó shin go bhfuil sé caillte nó goidte nó go bhfuil damáiste déanta dó.
Tá Oifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath aistrithe go dtí Áras Chnoc Muáin, 42-47, Sráid an Mhóta Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 TN83
Leanfaidh Oifig na bPasanna ar aghaidh ag tabhairt tosaíochta do chásanna ina bhfuil fíor-éigeandáil i gceist.
Leanfar le gnáthfheidhmiú seirbhísí amhail Seirbhís na bPasanna Luais, atá á rith ag An Post, agus tá iarratasóirí á spreagadh an tseirbhís sin a úsáid a mhéid is féidir.