Cárta Pas
Tá an Cárta Pas Éireannach ar fáil do gach saoránach Éireannach ag a bhfuil leabhar pas Éireannach bailí. Is féidir le saoránaigh Éireannacha an Cárta Pas a úsáid chun taisteal a dhéanamh laistigh den AE/LEE agus san Eilvéis agus aithníonn údaráis náisiúnta ábhartha é mar dhoiciméad taistil bailí.
I gcás ina mbaintear úsáid as an gCárta Pas chun taisteal trí aerfoirt, bíonn rochtain ar gheataí leictreonacha ag brath ar an mbonneagar áitiúil. Más gá, is féidir le hoifigeach teorann do Chárta Pas a sheiceáil de láimh.
D’fhonn iarratas a dhéanamh ar do Chárta Pas, ní mór leabhar pas bailí a bheith agat. Ní mór go gcomhfhreagraíonn na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú go hiomlán leis na sonraí atá i do leabhar pas.
Ní mór iarratais ar Chárta Pas a dhéanamh tríd an tSeirbhís um Athnuachan Pas ar Líne
Má tá tú os cionn 18 agus leabhar pas agat cheana féin, is féidir leat iarratas ar Chárta Pas a dhéanamh as féin. Ní mór go mbeadh do leabhar pas bailí ar feadh 3 mhí eile ar a laghad. Is féidir Cártaí Pas a fháil mar chuid de bheart chomh maith (leabhar pas agus Cárta Pas). Tá sé níos saoire iarratas ar leabhar agus cárta pas a dhéanamh ag an am céanna.
Bíonn Cártaí Pas bailí ar feadh uastréimhse 5 bliana. I gcás ina bhfuil níos lú ná 5 bliana fágtha ar do leabhar pas ag an am a ndéanann tú iarratas ar Chárta Pas, beidh an dáta éaga céanna ag do chárta agus ag do leabhar pas.
Má tá do leabhar pas reatha imithe amú, goidte nó damáiste déanta dó, agus más mian leat cárta pas a fháil, ní mór duit iarratas ar Chárta Pas a dhéanamh ag an am céanna le d’iarratas ar leabhar pas. Cinntíonn sé sin go bhfuil leabhar pas bailí agat, rud a theastaíonn chun Cárta Pas a fháil.
Ní féidir Cárta Pas do dhuine faoi bhun 18 mbliana a fháil ach mar chuid de bheart. Más mian leat iarratas ar chárta pas do do leanbh a dhéanamh ní mór an rogha beart a roghnú agus an pas á athnuachan agat. Beidh Cártaí Pas dóibh siúd atá faoi bhun 18 bailí ar feadh an tréimhse céanna leis an leabhar pas.
Déan Iarratas Anois
Fri, 08 Feb 2019 12:58:23 GMT