Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/saoranacht.

Do shaoránacht a athéileamh

Más rud é gur thréig tú do shaoránacht Éireannach, tig leat í a athéileamh má rugadh ar oileán na hÉireann tú, trí dhearbhú saoránachta a dhéanamh.

Citizenship

Chun do shaoránacht Éireannach a thréigean, ní mór go mbeidh dearbhú eachtrannachta comhlánaithe agat agus curtha faoi bhráid Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann.

Más rud é go n-athraíonn do chuid imthosca agus go dteastaíonn uait do shaoránacht Éireannach a athéileamh, tig leat dearbhú saoránachta a dhéanamh.

Ní mór duit:

  1. Foirm le haghaidh dearbhú saoránachta a chomhlánú.
  2. Finné a bheith agat le haghaidh an dearbhaithe (tá liosta d’fhinnéithe inghlactha ar an bhfoirm)
  3. D’fhoirm a chur faoi bhráid Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann