Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Málta, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Málta

Má tá tú ag taisteal go Málta, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal go Málta

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal go Málta ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint.

Is cinneadh beartais d’údaráis Mhálta iad srianta taistil, agus ba cheart d’aon duine atá ag smaoineamh ar dhul go Málta an t-eolas is déanaí ó na húdaráis áitiúla a sheiceáil maidir le riachtanais do phaisinéirí idirnáisiúnta ag teacht chuig an tír. Féach ar www.traveltomalta.gov.mt agus Athoscailt AE chun tuilleadh eolais a fháil.

Laistigh de Mhálta, tá roinnt srianta i bhfeidhm fós agus d’fhéadfadh cúrsaí a athrú ar gearrfhógra. Féach ar www.traveltomalta.gov.mt agus Treoir COVID-19 Mhálta – Tabhair Cuairt ar Mhálta chun tuilleadh eolais a fháil.

Comhairle Taistil Ghinearálta

I dtaca le hionsaithe sceimhlitheoireachta féideartha i gcathracha Eorpacha, moltar do shaoránaigh Éireannacha comhairle na bpóilíní agus na n-údaráis áitiúil a leanúint agus a bheith níos airdeallaí, go háirithe má bhítear ag dul chuig cruinnithe móra poiblí nó áiteanna eile a bhfuil go leor leor daoine ann. D’fhéadfadh ionsaithe tarlú aon uair agus d’fhéadfaidís díriú ar áiteanna a dtéann turasóirí, bialanna, moil iompair nó áiteanna poiblí eile.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i Málta ach scairt a chur ar 112.

Tá tuilleadh comhairle agus eolais maidir le COVID‑19 ar fáil mar seo a leanas:

Líne Chabhrach Sláinte Poiblí COVID-19: 111. +35621324086

Líne Chabhrach TURASÓIREACHT COVID-19: +356 2169 2447

Ríomhphost: covid19.health@gov.mt agus tourismcovid-19helpline@visitmalta.com

Soláthraíonn Treoir COVID-19 Málta - Tabhair Cuairt ar Mhálta nuashonraithe agus eolas lena n-áirítear liosta de sholáthraithe seirbhísí príobháideacha le haghaidh tástáil a bhaineann le taisteal.

Leathanach Eolais COVID-19 den Údarás Turasóireachta Málta  

Roinn Sláinte an Mhálta

Stiúrthóireacht um Shláinte a Chur Chun Cinn agus Cosc Galair de chuid an Mhálta

Visitmalta – An suíomh gréasáin turasóireachta oifigiúil do Mhálta, Gozo agus Comino. (mta.com.mt)

Aerfort Idirnáisiúnta Málta

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaistealchun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear.
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé gur baol beag ó sceimhlitheoireacht atá i Málta, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh. 

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal in Málta ach tá ardú ag teacht ar ráta goidte málaí, ar pheasghadaíocht agus ar robáil sna príomháiteanna turasóireachta. Tarlaíonn coiriúlacht deistapaíocha go háirithe in áiteanna ina gcruinníonn grúpaí móra le chéile sa tráthnóna agus dá réir, ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:

  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte, cé nár cheart dearmad a dhéanamh gur féidir le gadaithe díriú ar thaisceadáin taisce in árasáin agus in óstáin
  • Coinnigh an méid is lú airgid agus nó/cártaí creidmheasa a theastaíonn uait ar bhonn laethúil i mála láimhe nó i bpóca ar leith
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Málta, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann má theastaíonn cúnamh uait.

Tiomáint

Tá na rialacha bóthair i Málta mórán mar atá in Éirinn, agus tá na bóithre nua-aimseartha agus coinnithe go maith. Má tá sé beartaithe agat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Mhálta, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Ná fág aon earraí luachmhara i gcarr nach bhfuil éinne inti mar goidtear earraí as feithiclí. Cuir glas ar na doirse agus dún na fuinneoga nuair atá d’fheithicil páirceáilte

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí fada príosúin. 

Teanga

Labhraíonn formhór phobal Mhálta Béarla.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

An Aeráid

Tá aeráid Mhálta an-te agus grianmhar, de ghnáth. Ach bíonn sé ag báisteach idir dheireadh mhí Deireadh Fómhair agus dheireadh mhí Feabhra agus tá baol ó thuilte troma in amanna.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh na hÉireann chun cuairt a thabhairt ar Mhálta.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of emergency while the Embassy is closed, contact the Duty Officer on 00356 99058895.

Embassy of Ireland
Whitehall Mansions
Ta’ Xbiex Seafront
Ta’ Xbiex XBX 1026
Malta

Tel: +356 21 334 744
Fax: +356 21 334 755

Monday to Friday 08:20-12:30 and 13:30-16:30

Contact us