Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta.

Comhairle Taistil Ghinearálta atá i bhFeidhm maidir le Covid-19

Comhairle Taistil Ghinearálta atá i bhFeidhm maidir le Covid-19

Tá comhairle taistil do bhreis agus 200 tír ar fáil ar Chomhairle Taistil - An Roinn Gnóthaí Eachtracha (dfa.ie)

Is é cuspóir Chomhairle Taistil na Roinne faisnéis a chur ar fáil don phobal i gcoitinne ionas gur féidir le saoránaigh cinntí eolacha a dhéanamh dóibh féin. 

Ba cheart do shaoránaigh an riosca a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19  thar lear san áireamh agus taisteal thar lear á phleanáil. Má tholgann tú COVID-19 agus tú thar lear, d’fhéadfadh sé go mbeidh moilleanna ort agus costais bhreise agat roimh theacht ar ais duit go hÉirinn. Tá sé tábhachtach go ndéanann tú an cumhdach le do sholáthraí árachais taistil a sheiceáil roimh thaisteal.

Ba cheart go mbeadh a fhios ag saoránaigh atá ag taisteal laistigh den AE nach bhfuil aon srianta COVID-19 i bhfeidhm d’aon tír san AE agus iad ag taisteal as Éirinn. Tá eolas maidir leis na srianta iontrála atá á gcur i bhfeidhm ag tíortha eile ar fáil ar ár leathanaigh um chomhairle taistila bhaineann go sainiúil le gach tír agus ba cheart do shaoránaigh fanacht cothrom le dáta maidir leis an bhfaisnéis is déanaí roimh imeacht.

Má tá ceist taistil agat, féadann tú ríomhphost a chur chugainn ar traveladvice@dfa.ieTabhair faoi deara nach féidir ceisteanna maidir le pasanna a fhreagairt ar an líne seo. Déan teagmháil le seirbhís na bpasanna tríd an gcomhrá gréasáin ar www.dfa.ie 

Moltar do shaoránaigh atá ag taisteal thar lear monatóireacht a dhéanamh ar an gcomhairle taistil dár gcuid, agus chun muid a leanúint ar Twitter. Cláraigh le hAmbasáid nó Consalacht na hÉireann áitiúil de do chuid.

Conas faisnéis bhreise faoi thaisteal a fháil:

Eolas Breise

Tá eolas ar oibriú Theastas Digiteach COVID an AE ar fáil freisin ar www.gov.ie. Má tá ceist phráinneach agat maidir le Teastas Digiteach COVID an AE, cuir glaoch ar an líne cabhrach DCC AE atá oscailte Luan – Aoine, ar 1800 807 008. Is féidir leo siúd atá lasmuigh d’Éirinn glaoch ar +353 1 903 6437.

Tabhair faoi deara go bhfuil aip TravelWise na Roinne gan feidhm ar feadh tréimhse shealadach. Gabhaimid leithscéal as an míchaoithiúlacht sin. Leanfar le faisnéis nuashonraithe a sholáthar ar an suíomh gréasáin seo.