An Chairt um Chúnamh Chonsalachta
Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha réimse tacaíochtaí agus cúnaimh ar fáil do shaoránaigh a bhíonn trína chéile thar lear. Leagann an Chairt um Chabhair Chonsalachta amach an méid is féidir a bheith ag súil uainn agus na céimeanna ba chóir do mhuintir na hÉireann a leanúint agus iad ag taisteal thar lear.
Bíonn an tacaíocht a chuirimid ar fáil neamhbhreithiúnach agus bíonn sí bunaithe ar do chuid riachtanas. Roinnfimid aon eolas a fhaightear maidir le do chás, agus geallaimid go mbeidh muid oscailte faoin méid a dhéanfaimid. Is tábhachtach dúinn go bhfuil muinín agat asainn agus coinneoimid do chuid sonraí go hiomlán faoi rún. Ní roinnfimid eolas faoi do chás, le do theaghlach fiú, gan cead a fháil uait.
Táimid tiomanta don bhealach atá againn ár modhanna oibre a fheabhsú go leanúnach agus a chinntiú go n-iompraíonn an fhoireann atá againn thar ghréasán domhanda na Ambasáidí agus na gConsalachtaí dár gcuid iad féin go gairmiúil i gcónaí. Áirítear sa ghairmiúlacht seo seirbhís a chur ar fáil do chustaiméirí atá idir íogair agus truachroíoch, agus eolas maidir leis an tacaíocht chuí atá ar fáil.
Tá fáil 24/7 orainn i mBaile Átha Cliath. Is féidir glaoch a chur ar +353 (0)1 4082527 le linn uaireanta oifige nó glaoigh ar +353 (0)1 4082000 i gcás éigeandála lasmuigh d’uaireanta oifige.
Cuirimid cabhair ar fáil trínar nAmbasáidí agus Consalachtaí ar fud na cruinne freisin. Le sonraí teagmhála na nAmbasáidí a fháil, téigh chuig www.dfa.ie/travel.
Cuirimid comhairle taistil ar fáil atá soiléir, suas chun dáta agus iontaofa i gcomhair 200 tír ar fud na cruinne. Tá an t-eolas seo ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus ar Twitter @dfatravelwise.
Cliceáil anseo chun an Chairt um Chabhair Chonsalachta a fheiceáil ina hiomláine.