Víosaí
Is ionann víosa agus deimhniú i do phas nó cáipéis taistil a léiríonn go bhfuil cead agat dul isteach i dtír. Ach, d'fhéadfadh sé go mbeadh roinnt coinníollacha eile a bheadh ort a chomhlíonadh sula dtabharfar cead duit dul isteach sa tír sin.
In Éirinn, is í Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS), an ghníomhaireacht laistigh den Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais atá freagrach go príomha as déileáil le hábhar maidir le hinimirce agus víosaí.