Baile | Réamhrá | Muintir na hÉireann | Ár gCuid Luachanna | Ár Rathúnas | Ár nIonad san Eoraip | Ár dTionchar | Fíricí agus Figiúirí | Cuir Aithne ar an bhFoireann
I measc na gcuspóirí ardleibhéil de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála inár Ráiteas Straitéise 2015-2017, tá luachanna agus leasanna na hÉireann a chosaint agus a chur chun cinn san Eoraip, agus tá sé sin ina chuid dár ráiteas misin foriomlán inár gcáil mar Roinn Rialtais.
Chun na críche sin:
- Bímid ag obair ionas go n-imreoidh Éire an tionchar is mó is féidir ar thorthaí san AE trí chaidreamh láidir a chothú le hinstitiúidí an AE agus le Ballstáit eile; agus
- Déanaimid cion mór i dtaobh tionchar a imirt ar rannpháirtíocht an AE ar domhan agus ar an tsíocháin agus an tslándáil san Eoraip.
Tugtar samplaí sna scéalta thíos den obair a rinneamar chun an sprioc sin a bhaint amach in 2015.