Baile | Réamhrá | Muintir na hÉireann | Ár gCuid Luachanna | Ár Rathúnas | Ár nIonad san Eoraip | Ár dTionchar | Fíricí agus Figiúirí | Cuir Aithne ar an bhFoireann
I measc na gcuspóirí ardleibhéil de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála inár Ráiteas Straitéise 2015-2017, tá borradh a chur faoi rathúnas na hÉireann trínár gcuid leasanna geilleagracha a chur chun cinn thar lear, agus tá sé sin ina chuid dár ráiteas misin foriomlán inár gcáil mar Roinn Rialtais.
Is éard atá i gceist leis sin:
- Cúnamh a thabhairt i dtaobh poist agus deiseanna onnmhairithe a chruthú;
- Éire a chur chun cinn thar lear mar sprioc infheistíochta, ceann scríbe turasóireachta agus ionad oideachais; agus
- Caidreamh déthaobhach láidir a fhorbairt chun ár gcuid leasanna geilleagracha a chur chun cinn thar lear.
Tugtar samplaí sna scéalta thíos den obair a rinneamar chun an sprioc sin a bhaint amach in 2015.