Anne Anderson
Ambasadóir na hÉireann chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá
Bhíomar thuas seal, thíos seal in 2015. D'éirigh go hiontach le dhá chuairt san earrach agus san fhómhar – tháinig an Taoiseach Enda Kenny go Atlanta agus Austin i mí an Mhárta, agus thug an tUachtarán Ó hUiginn cuairt ar an gCósta Thiar i mí Dheireadh Fómhair. Idir an dá chuairt sin, tháinig an samhradh, “a summer of sorrow and a summer of grace”. D'fhág tragóid Berkeley i mí an Mheithimh lorg ollmhór an bhróin ina diaidh; rinneamar ár míle dícheall tacú le teaghlaigh na ndaoine a fuair bás, tráth a bhí croí gach duine ag briseadh. Mí ina dhiaidh sin, bhí mé ar ais i gCalifornia do na Cluichí Oilimpeacha Speisialta, áit ar thug scil agus spiorad na lúthchleasaithe Éireannacha ardú meanma éigin dúinn go léir.
Ó thaobh beartais, fuaireamar dea-scéala nuair a tháinig na figiúirí ab airde go fóill amach le haghaidh na hinfheistíochta a rinne Stáit Aontaithe Mheiriceá in Éirinn i leith na turasóireachta agus onnmhairí (agus bhíomar sásta go bhfuarthas rochtain sa deireadh ar an margadh do mhairteoil na hÉireann). Ach, lena hais sin, ba chúis díomá dúinn an leamhsháinn ar athchóiriú na hinimirce, in ainneoin na stocaireachta gan staonadh a rinneamar.
Buaicphointe inár gcláir chultúrtha ab ea an ceiliúradh ar chomóradh 150 bliain WB Yeats. Mar chuid den teagmháil taidhleoireachta leis an bpobal, thug mé cuairt ar dhosaen Stát nó mar sin – cinn a bhí an-éagsúil: cuimhním fós ar an lá a bhuail mé lenár n-imreoirí CLG in Alasca, an fhoireann CLG is faide ó thuaidh ar an bpláinéad!