Teresa Sweeney
An Rannán Acmhainní Daonna, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
Bliain thar a bheith gnóthach a bhí againn in 2015 in Acmhainní Daonna II, ina ndéantar comhordú ar shocrúcháin chuig misin taidhleoireachta na hÉireann ar fud an domhain do bhaill foirne ó na Ranna Rialtais ar fad. Bíonn suas le nócha ball foirne ar socrúchán thar lear ag sé cinn déag de Ranna Rialtais eile tráth ar bith; má chuirtear baill foirne na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála san áireamh freisin, fágann sé sin go mbímid freagrach go hiondúil as ar a laghad 300 duine ar socrúchán thar lear ó Éirinn.
San iomlán, d'aistrigh 270 oifigeach ó áit amháin go háit eile in 2015, agus cuireadh líon mór socrúchán gearrthéarmach ar bun freisin. Tá a lán tascanna éagsúla a ghabhann le gach aistriú agus gach socrúchán, lena n-áirítear eitiltí a chur in áirithe, cóiríocht shealadach a eagrú don fhoireann, agus a bheith ag déileáil le léasanna.
Ceann de na gnéithe suimiúla den phost is ea a bheith seasta i dteagmháil le baill foirne ar fud an domhain. I mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh, bhí mé ag obair ar sheacht gcinn de sheisiúin faisnéise réamhshocrúcháin d'oifigigh a bhí chun dul thar lear. Is iontach an deis é sin chun aithne a chur ar chomhghleacaithe ar fud na Roinne agus na Státseirbhíse. Bíonn mise agus mo chomhghleacaithe ar cheann de na naisc is tábhachtaí idir oifigeach agus an baile agus é nó í ar socrúchán thar lear.