Gradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin 2013
An 26 Samhain 2013, bhronn an tUachtarán Ó hUigín Gradaim Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Lear 2013.
Tugtar onóir d’fhaighteoirí Ghradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Lear as seirbhís dearscna don náisiún i réimsí lena n-áirítear tógáil síochána, obair charthanachta, gnó, oideachas, na healaíona, cultúr agus spórt.
Bhunaigh an Rialtas Gradaim an Uachtaráin i ndiaidh Fhóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain 2011.
Tá seirbhís dearscna tugtha don náisiún ag faighteoirí Ghradaim 2013 agus chuir siad le dea-chlú na hÉireann ar fud na cruinne. Rannchuidiú as cuimse atá déanta acu. Tá an t-ádh ar Éirinn ambasadóirí agus tacadóirí ardcháilíochta a bheith aici, leithéidí an Dr. Anne Merriman san Afraic agus an tSiúr Cyril Mooney san India, daoine a chabhraigh leis na mílte den dream is boichte ar domhan, agus Craig Barrett, nach bhfuil a leithéid le sonrú maidir le ceannaireacht sna réimsí teicneolaíochta agus oideachais. Aithnítear leis na gradaim seo freisin obair dhíograiseach, ríthábhachtach daoine mar Rodney Walsh sa Nua-Shéalainn agus Seamus McGarry agus Mary Tilki sa Ríocht Aontaithe, maidir le cúnamh a thabhairt do shaoránaigh Éireannacha thar lear.
Tabharfar onóir don Seanadóir George Mitchell i mí na Nollag as an bhfís agus an diongbháilteacht a léirigh sé agus é ag caitheamh a chuid ama, a chuid scileanna, agus a chlú le síocháin a thógáil ar an oileán seo.
Le linn na hócáide chun onóir a thabhairt d’fhaighteoirí Ghradam 2013, dúirt an Tánaiste: “léirigh lucht faighte an ghradaim raon iomlán na dtréithe is fearr a bhíonn ag muintir na hÉireann. Is daoine cruthaitheacha agus atruacha iad, mar a dúirt an tUachtarán níos luaithe. Daoine láidre agus dianseasmhacha iad freisin. Daoine mealltacha iad a mbíonn cuspóir acu”. Agus é ag labhairt go díreach leis na daoine a fuair gradam, dúirt an Tánaiste: “is mar gheall ar bhur gcuid oibre agus an méid as cuimse ar bhain sibh amach a roghnaíodh sibh le haghaidh aitheantas ón Uachtarán. Is mór an spreagadh dúinn sa bhaile sibh agus, tá a fhios agam, do na daoine a mbíonn sibh ag oibriú go díreach leo.”
Is iad seo a leanas na daoine a bhain Gradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin 2013:
Na hEalaíona, Cultúr agus Spórt
Mick Moloney (US)
Obair Charthanachta
Anne Merriman (Uganda)
Sr Cyril Mooney (India)
Gnó agus Oideachas
Craig Barrett (US)
John Martin (France- OECD)
Tacaíocht do Phobal Éireannach
Mary Tilki (UK)
Seamus McGarry (UK)
Rodney Walshe (NZ)
Síocháin, Athmhuintearas agus Forbairt
George Mitchell (US)
Dan Rooney (US)