Éire san AE
Tá ról lárnach ag Éirinn san Eoraip. Bíonn tionchar againn ar an AE tríd an ionchur a bhíonn againn ar bheartais eacnamaíoch agus sóisialta. Úsáidimid ár gcomhaltas den AE chun tionchar luachmhar a bheith againn ar ghnóthaí domhanda. Agus cuirimid leasanna na hÉireann chun cinn agus tugaimid cosaint do leasanna na hÉireann san AE trí obair Roinn an Taoisigh, le comhoibriú ón Roinn seo, a hAmbasáidí san Eoraip agus an Misean Buan don AE sa Bhruiséil.