Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/pasanna.

Update on Provision of Passport Services

Update on Provision of Passport Services

Naisc chun nithe a chur isteach arís

Féadfaidh Seirbhís na bPasanna iarraidh ort grianghraf, foirm thoilithe, foirm fhinné nó doiciméid tacaíochta eile a chur isteach arís chun cabhrú le d’iarratas ar phas a phróiseáil. Gheobhaidh tú ríomhphost le nasc nua atá gníomhach ar feadh 7 lá oibre. Má tá an nasc imithe in éag ba cheart duit nasc nua a iarraidh, rud a sheolfar chugat laistigh de 3 go 5 lá oibre.

Nuair a bheidh an t-eolas breise curtha ar fáil déanfar d’iarratas a phróiseáil laistigh de 15 lá oibre.

Seirbhís coinne práinneach

Má theastaíonn uait do phas a athnuachan níos tapúla ná na gnáth-amanna críochnúcháin is féidir leat iarratas a dhéanamh ar do phas trí úsáid a bhaint as ár Seirbhís um Choinní Práinne.

Tá coinní ar fáil inár n-oifigí poiblí i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh.

Ní féidir iarratais chéaduaire a dhéanamh trí úsáid a bhaint as Coinne Práinne. Is é Pas ar Líne an tslí is tapúla chun iarratas a dhéanamh den chéad uair.

Ná tar chuig ár n-oifigí poiblí mura bhfuil coinne déanta agat.

Suímh ghréasáin tríú páirtí

Foláireamh: Táimid ar an eolas faoi shuímh ghréasáin tríú páirtí a bhfuil sé de rún acu, ar tháille, cabhrú le hiarratasóirí ar phas lena n-iarratas ar Phas Éireannach ar líne. Suímh ghréasáin dá leithéid a fhógraíonn a gcuid seirbhísí ar chostas bruise, ní bhaineann siad leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha ná le Seirbhís na bPasanna ar aon bhealach.

Níl an tSeirbhís Pasanna freagrach as ábhar na suíomh sin ná as na táillí a ghearrann siad. Molann Seirbhís na bPasanna go láidir nár cheart iarratais ar phas ar líne a dhéanamh ach go díreach ag dfa.ie/ie/pasanna-saoranacht.

Ba cheart duit a bheith fíor-aireach i gcónaí agus tú ag déanamh idirbhearta airgeadais ar líne. Ba cheart amhrais nó imní faoi aon suíomh gréasáin tríú páirtí a thuairisciú do do Stáisiún Gardaí áitiúil.

Pas ar Líne

Is é Pas Ar Líne an bealach is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar do phas nó ar chárta pas do linbh, ó áit ar bith ar domhan

Tá an tseirbhís slán áisiúil seo ar fáil 24 uair sa lá, 7 lá na seachtaine, ar fhón cliste, táibléad nó ríomhaire pearsanta.

Próiseálfar iarratais laistigh de na hamanna reatha chun críochnú. Ní chuirfear tús leis an bpróiseáil go dtí go bhfaighfear na doiciméid go léir.

Déan iarratas ar líne

Pas sa Phost

Tá Pas sa Phost ó An Post ar fáil in Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Mhór. Thar tar 8 seachtaine an t-am críochnúcháin. Ní féidir na hiarratais sin a bhrostú. Má theastaíonn do phas uait níos luaithe, ba cheart duit Pas ar Líne a úsáid.

Féach anseo le haghaidh tuilleadh sonraí faoin tseirbhís Pas Poist.

Féach anseo do bhreis eolais faoin seirbhís Pas sa Phost.

Clárúchán Breitheanna Coigríche

Is féidir do bhreith a chur isteach ar Chlár na mBreitheanna Coigríche má tá tú incháilithe le bheith i do shaoránach Éireannach. Faigh amach cad is gá duit a dhéanamh sula dtosaíonn tú ar d’iarratas ar líne.is gá duit a dhéanamh sula dtosaí tú ar d’iarratas ar líne.

Tuismitheoir atá ag súil, mura mbí sí/sé ar Chlár na mBreitheanna Coigríche nuair a bheirtear a leanbh, ní bheidh an leanbh i dteideal saoránachta Éireannaí.

Próiseáiltear iarratais go docht in ord an dáta a fuair Seirbhís na bPasanna in Éirinn a ndoiciméid tacaíochta.

Mar gheall ar nádúr casta an phróisis um Chlárú Breitheanna Coigríche ba cheart duit tuairim is 9 mí a chur san áireamh chun iarratais ar Chlárú Breithe Coigríche a phróiseáil ag an tráth seo.

Ba chóir iarratais a dhéanamh in am trátha. Is féidir le hiarratasóirí, áfach, iarratas práinne a dhéanamh i gcás tuismitheora atá ag súil agus ná beadh an leanbh i dteideal saoránachta Éireannaoí mura mbí an tuismitheoir curtha isteach sa chlár.

I gcásanna den sórt sin is gá doiciméid tacaíochta a dhearbhaíonn an riachtanas práinne. Cé go ndéanfar gach iarracht iarratais phráinne a éascú ní féidir le Seirbhís na bPasanna aon ráthaíochtaí a thabhairt go dtarlóidh iontráil in am.

Is féidir iarratais phráinne a dhéanamh freisin nuair a bhíonn duine gan stát. Tarlóidh sé seo de ghnáth nuair a bheirtear leanbh do shaoránach Éireannach thar lear agus ná fuil sé i dteideal saoránachta go háitiúil.

Tá gníomhairí tiomnaithe ag ár Lárionad Seirbhíse do Chustaiméirí chun déileáil le d’iarratas ar Chlárú Breithe Coigríche. Is é +353 1 568 3331 an uimhir theagmhála le haghaidh fiosruithe práinne maidir le Clárú Breithe Coigríche mar a mhínítear thuas.

Tabhair faoi deara go bhféadfaí glaonna a thaifeadadh chun críocha oiliúna agus rialaithe cáilíochta.