Do shaoránacht a athéileamh
Más rud é gur thréig tú do shaoránacht Éireannach, tig leat í a athéileamh má rugadh ar oileán na hÉireann tú, trí dhearbhú saoránachta a dhéanamh.
Chun do shaoránacht Éireannach a thréigean, ní mór go mbeidh dearbhú eachtrannachta comhlánaithe agat agus curtha faoi bhráid Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann.
Más rud é go n-athraíonn do chuid imthosca agus go dteastaíonn uait do shaoránacht Éireannach a athéileamh, tig leat dearbhú saoránachta a dhéanamh.
Ní mór duit:
- Foirm le haghaidh dearbhú saoránachta a chomhlánú.
- Finné a bheith agat le haghaidh an dearbhaithe (tá liosta d’fhinnéithe inghlactha ar an bhfoirm)
- D’fhoirm a chur faoi bhráid Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann