Daoine a rugadh in Éirinn
Má rugadh tú ar oileán na hÉireann, braitheann do cheart chun saoránachta Éireannaí ar roinnt tosca éagsúla.
Má rugadh tú roimh an 1 Eanáir 2005
Má rugadh tú ar oileán na hÉireann roimh an 1 Eanáir 2005, tá tú i dteideal a bheith i do shaoránach Éireannach.
Má rugadh tú tar éis an 1 Eanáir 2005
Má rugadh tú ar oileán na hÉireann an 1 Eanáir 2005 nó dá éis, braitheann do cheart chun saoránachta Éireannaí ar na nithe seo a leanas:
- Saoránacht do thuismitheoirí an tráth a rugadh tú
- Stair cónaitheachta duine de do thuismitheoirí sular rugadh tú
Is amhlaidh atá mar gheall ar athrú ar an reachtaíocht a bhaineann le náisiúntacht agus saoránacht Éireannach.