Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie.

Ciorrú Ball Giniúna Ban (FGM)

Sainmhínítear ciorrú ball giniúna ban mar bhaint na mball giniúna baineann seachtrach, go hiomlán nó go páirteach, nó aon chleachtas a athraíonn nó a ghortaíonn na baill ghiniúna bhaineanna d’aon ghnó ar chúiseanna neamhleighis. Aithníonn na Náisiúin Aontaithe gur sárú ar chearta an duine é FGM

Cion coiriúil atá ann cailín a thabhairt as Éirinn chun a baill ghiniúna a chiorrú.

B’fhéidir go n-inseofaí do chailín nó do bhean óg corruair go bhfuil sí ag dul ar thuras chuig a daoine muinteartha nó go bhfuil sí ag dul ar saoire thar lear, ach gurb é FGM atá i ndán di i ngan fhios di. 

Má tá faitíos ort go mb’fhéidir gur tógadh cara nó gaol leat thar lear le haghaidh FGM, téigh i dteagmháil le stáisiún áitiúil an Gharda Síochána agus cuir glaoch orainne san Aonad um Chabhair Chonsalachta ar +353 1 408 2527.