Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cruinniú Domhanda le plé a dhéanamh ar Dhiaspóra na hÉireann

Cruinniú Domhanda le plé a dhéanamh ar Dhiaspóra na hÉireann

Fearann UCD fáilte mhór roimh thaighdeoirí as tíortha ar fud an domhain chuig an chéad teacht le chéile idirnáisiúnta de Chomhdháil Dhomhanda Dhiaspóra na hÉireann.

15-19 Lúnasa 2017

Ionad Eolaíochta Uí Bhriain UCD

Tá an cruinniú is mó riamh de thaighdeoirí a bhíonn ag plé le diaspóra na hÉireann á thionól ag UCD i mí Lúnasa le plé agus díospóireacht a dhéanamh ar stair, cultúr, oidhreacht agus féiniúlacht phobail dhiaspóra na hÉireann, idir an am i láthair agus an am atá caite.

I gcaitheamh na gceithre lá rachaidh breis agus 150 cainteoirí ar an ardán le buntaighde nua a chur i láthair i dtaobh na nÉireannach a d’imigh ar imirce go dtí tíortha i gcóngar - Sasana, an Fhrainc, an Spáinn - agus tíortha i gcéin - Ceanada, Meiriceá Theas, deisceart na hAfraice, oirthear na hÁise, an Astráil agus an Nua-Shéalainn.

I measc na gcainteoirí beidh staraithe, béaloideasaithe, seandálaithe agus saineolaithe ceoil, agus déanfaidh siad iniúchadh ar na fáthanna a ndeachaigh Éireannaigh ar imirce, ar na saolta a fuair siad rompu agus iad ar imirce, ar an gcaoi ar chuimhnigh siad ar an Éireannachas agus ar an gcaoi a ndéanann a sliocht ceiliúradh ar an Éireannachas sa lá atá inniu ann.

Beidh eochairchainteanna ón Ollamh Aingeal de Búrca ó UCD agus ón Ollamh Dónal McCracken ó Ollscoil KwaZulu-Natal agus cuirfear clabhsúr leis an gcomhdháil le cruinniú comhchéime.

Tá breis agus 70 milliún duine ar fud an domhain a síolraíonn a sinsear ó eisimircigh na hÉireann. Bhí sé deacair ar thaighdeoirí i ngort an diaspóra teacht le chéile agus smaointe a mhalartú go dtí seo de bharr mhéid an ábhair. Ceapadh an chomhdháil seo chun an deacracht seo a shárú. Is cuí go mbeidh an chéad chomhdháil ar siúl in Éirinn ach beidh sé ag bogadh ó thír go chéile amach anseo agus beidh sé ar siúl gach tríú bliain. Beidh an chomhdháil in UCD ina hócáid mhór i stair léann Dhiaspóra Domhanda na hÉireann.

Tuilleadh eolais: www.ucd.ie/globalirishdiaspora

UCD Global Irish Diaspora Congress Logo

« Previous Item | Next Item »