Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Podchraoladh 80 Day

Podchraoladh 80 Day

Maidin Dé Domhnaigh atá ann; tá Mark Boyle ina shuí go moch in Surrey Shasana, tá Joe Byrne i mBeirn na hEilvéise agus tá sé amach sa tráthnóna i Hong Cong, áit ar chuir Luke Kelly tús leis an nglao Skype. Brúnn gach duine acu an cnaipe 'Déan taifead' agus tosaíonn siad ag caint – sin é an chaoi a ndéantar clár sa tsraith 80 Days: an exploration podcast a ullmhú. Gach seachtain, foilsíonn siad clár éadrom faisnéiseach faoi thír éigin ar domhan nach bhfuil mórán eolais ag daoine fúithi.

Tionscadal is ea 80 Days atá á reáchtáil ag triúr "saoithíní staire agus tíreolaíochta", mar a deir siad féin, a bhfuil bealach ar leith aimsithe acu chun iniúchadh a dhéanamh ar an domhan le chéile, in ainneoin gach duine acu a bheith ar imirce i gcúinne éagsúil de. Casadh an triúr ar a chéile in Ollscoil Mhá Nuad in 2007 agus bhí gach duine acu ag plé leis an drámaíocht. Bhain Luke, arb as Loch Garman dó, amach céim sa staidéar ar na meáin, rud a d'fhág gur mhaith an riocht ina raibh sé lena mholadh go mbainfidís triail as meán teicniúil cosúil le podchraoladh. Bíonn taighde stuama ag baint leis, agus sin scil atá foghlamtha ag an triúr acu ina saol acadúil nó a saol gairmiúil, eagarthóireacht fuaime, sindeacáitiú agus bolscaireacht.

Tá fíorspéis ag gach duine de na comh-óstaigh sa stair, sa tíreolaíocht agus sa domhan i gcoitinne agus, ach oiread lena lán daoine dá nglúin, is léir gur breá leo a bheith ag taisteal freisin. Tá thart ar leath an domhain clúdaithe acu eatarthu agus baineann siad an-sult as scéalta spéisiúla a insint faoi dhaoine agus áiteanna aduaine ar tháinig siad trasna orthu; bíonn na scéalta sin le cloisteáil anseo is ansiúd ina gcuid craoltaí, cláir a bhfuil taighde cúramach déanta faoina gcoinne ach éadrom mar sin féin.

80 Days Podcast _ Creators Joe Byrne, Luke Kelly and Mark Boyle.

Tháinig an smaoineamh don phodchraoladh chucu amach sa bhliain 2015, nuair a thug Mark (an Ciarraíoch) agus Joe (ó Chill Dara) cuairt ar Luke i Hong Cong ar thurais oibre, ach le seachtain idir a gcuairteanna – ar an drochuair ní raibh an triúr cairde san áit chéanna ag an am céanna le níos mó ná dhá bhliain anuas. Rinne siad an-chuid spaisteoireachta agus bhí siad i mbun comhrá fúithi agus faoin trua a bhí ann nach i gcuideachta a chéile a bhí siad ag fámaireacht. Bhíodh bealaí cruthaitheacha á lorg acu le fada an lá chun a bheith i dteagmháil le chéile agus leanúint ar aghaidh ag obair ar thionscadail le chéile. Mheas siad gur breá a d'oirfeadh podchraoladh faoi áiteanna i bhfad i gcéin ar fud an domhain dóibh. Toisc cairde leo a bheith scaipthe ar fud an domhain, ba mhaith an seans a bhí ann breathnú i gcéin agus tuilleadh a fhoghlaim faoi thíortha éagsúla. Tháinig cruth ar an gcoincheap uaidh féin ón smaoineamh bunaidh sin.

Tá ainm an phodchraolta bunaithe ar an leabhar Around the World in Eighty Days le Jules Verne, ach, ní hionann agus plota an úrscéil eachtraíochta sin, níl an triúr meáite ar dhul timpeall na cruinne. Tá scéalta an domhain á n-aithris acu, tír amháin, críoch amháin nó cathair amháin ar a seal. Uair a chloig nó mar sin atá i ngach clár, agus tá siad díreach tar éis an chéad séasúr 10 gclár a chríochnú, ina bhfuil trácht ar áiteanna chomh héagsúil leis an Namaib, Oileán Mhanann, Alasca, Brúiné, Panama agus Cathair Mhúrtha Kowloon, atá leagtha anois (agus a bhíodh i dtuaisceart Hong Cong).

Tá aiseolas an-dearfach faighte i leith an phodchraolta go dtí seo agus thaitin sé leis na hóstaigh scéala a fháil ó éisteoirí i dtíortha a ndearna siad taighde fúthu. Is iondúil go mbíonn moladh mór ag muintir na háite faoin taighde atá déanta acu agus faoin scéalaíocht... ach tarlaíonn sé ó am go ham ó am go léirítear amhras faoi fhuaimniú na n-ainmneacha! Measann an triúr Éireannach nach bhfuil iontu féin ach amaitéaraigh fhiosracha, a bhfuil aird á díriú acu ar an gcuid mhór den domhan a mbaineann mistéir léi go fóill, agus is mian leo áiteanna i bhfad i gcéin a thabhairt beagán níos gaire don lucht éisteachta.

Tá súil acu go mbeidh an podchraoladh ina phointe tosaigh a spreagfaidh suim na ndaoine in áiteanna éagsúla, agus a fhágfaidh an doras ar oscailt ionas gur féidir leis an lucht éisteachta tuilleadh a fhoghlaim. Foilsíonn siad nótaí mionsonraithe faoi gach clár (naisc le leabhair, ailt, podchraoltaí agus cláir faisnéise ar bhain siad leas astu agus iad i mbun taighde) ar an láithreán gréasáin www.80dayspodcast.com do thaiscéalaí nó mac léinn ar bith atá ag iarraidh dul níos doimhne isteach san ábhar. Ach is tábhachtach a lua nach clár tur acadúil atá i gceist: seó éadrom is ea é ina mbíonn an caidreamh idir an triúr óstach ina ghné den tsiamsaíocht. Bíonn spéis acu i gcónaí a chloisteáil ó Éireannaigh in áiteanna i bhfad i gcéin a bhfuil a scéalta ar leith féin le hinsint acu.

« Previous Item | Next Item »