Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An aip TravelWise

An aip TravelWise

I gcás saoránaigh a bhfuil sí íoslódáilte acu, is í an aip TravelWise an uirlis ghéarchéime is sofaisticiúla atá ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála chun teagmháil a dhéanamh ar an bpointe le hÉireannaigh atá gafa i ngéarchéim thar lear. Forbraíodh í chun cabhrú le hÉireannaigh a bheith slán sábháilte agus ar an eolas agus iad ag taisteal nó ina gcónaí thar lear. Aip shaor in aisce d'fhóin chliste is ea TravelWise a thugann comhairle taistil chuimsitheach, iontaofa i ndáil le 200 tír ar bhealach tarraingteach áisiúil. Tá inneachar na haipe ar fáil as líne, rud a fhágann go mbíonn sonraí teagmhála éigeandála dár líonra Ambasáidí ar fud an domhain seasta i do phóca agat, gan aon ghá táillí fánaíochta a íoc.

Is minice ná riamh a bhíonn muintir na hÉireann ag taisteal thar lear – níos mó ná 7 milliún turas in 2016 – agus tá níos mó daoine ag taisteal chuig áiteanna níos contúirtí, rud is cúis le méadú mór ar an éileamh ar eolas slándála, eolas faoi chúrsaí sláinte agus eolas eile, agus méadú 54% i mbliana ar líon na gcásanna consalachta tromchúiseacha (básanna thar lear, daoine san ospidéal, daoine á gcur faoi choinneáil, etc.). Thairis sin, mar gheall go bhfuil an comhthéacs slándála domhanda ag athrú, tá méadú tagtha ar an éileamh ar eolas agus ar thacaíocht i dtíortha a measadh roimhe seo nár bhain aon bhaol áirithe leo.

Fágann forbairt TravelWise go bhfuil Éire ar thús cadhnaíochta i measc thíortha an domhain: ní hamháin gur ag an tír seo atá an aip thaistil is fearr feidhmíochta agus is sofaisticiúla i measc na nAireachtaí Gnóthaí Eachtracha go léir, ach tá an cumas atá againn idirghníomhú agus cumarsáid a dhéanamh ar an bpointe boise lenár saoránaigh ar fud na cruinne i gcás teagmhas sceimhlitheoireachta nó géarchéim eile, mar a léiríodh le linn ionsaithe le déanaí i München agus sa Téalainn.

Tá TravelWise ar an aip thaistil rialtais is mó éilimh (in aghaidh an duine): íoslódáladh í 9500 uair i níos lú ná sé mhí agus bhain sí amach breis is 300,000 amharc scáileáin ó seoladh í ar an 10 Meitheamh 2016. Agus is í an aip dá cineál is airde a rátáil: tá meánrátáil 4.6 aici ar Android agus an moladh céanna ar iOS (tá aip na Gearmáine sa dara háit le rátáil 4.3). Tá eolas faoin aip á sheoladh amach faoi láthair le gach leabhrán pas nua atá á chur chuig saoránaigh.

Travelwise App _ Screenshots from the App

Mar uirlis chumarsáide, is féidir le húsáideoirí leas a bhaint as an aip chun foláirimh oiriúnaithe a shocrú, ionas gur féidir leo nuashonruithe slándála agus nuashonruithe eile faoina gceann scríbe a fháil díreach chuig an bhfón cliste. Spreagtar cumarsáid dhá bhealach leis an Roinn agus aiseolas chuici. Le gné nua na dteachtaireachtaí foláirimh, féadfar teachtaireachtaí spriocdhírithe a chur díreach chuig fón an úsáideora. Toisc sonraí teagmhála na nAmbasáidí agus sonraí teagmhála éigeandála a bheith ar fáil gan a bheith ar líne, bíonn an t-eolas sin ag saoránaigh nuair is mó a bhíonn gá acu leis. Faoi thionscadal na haipe, éascaíodh d'uasghrádú ar na nósanna imeachta agus na córais oibre chun cúnamh a thabhairt do shaoránaigh thar lear – agus táirge áisiúil nua, atá saor ina aisce, á chur ar fáil an tráth céanna.

Is Éireannaigh a bhí i gceannas ar thionscadal na haipe agus a rinne forbairt uirthi, agus bhain siad leas as saineolas de chuid gnólachtaí Éireannacha chun tacú le hobair na Roinne. Is maith an toradh a bhí ar an gcomhoibriú sin agus tugadh aitheantas don dearadh atá ar an aip nuair a cuireadh ar an ngearrliosta í sa rannóg 'An Aip Mhóibíleach is Fearr' de chuid Chumann Idirlín na hÉireann agus ar an ngearrliosta i gcomhair Ghradaim Feabhais agus Nuálaíochta na Státseirbhíse.

Is féidir leat an aip TravelWise a íoslódáil trí App Store nó trí Google Play. Tá tuilleadh eolais ar an láithreán gréasáin.

« Previous Item | Next Item »