Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Líonraí Gnó Éireannaigh an Domhain

Líonraí Gnó Éireannaigh an Domhain

Ba mhian le muintir na hÉireann thar lear riamh anall, nuair a d'fhéadfaí é, a bheith ag obair i gcomhar le chéile chun cuspóra éigin ar nós soláthar leasa, cur chun cinn an chultúir nó cúrsaí spóirt. Ceann de na réimsí inar éirigh go geal le diaspóra na hÉireann is ea an líonrú gnó agus tá an iliomad líonraí gnó ar fud Mheiriceá Thuaidh, san Eoraip, i Stáit na Murascaille, san Áise agus an i réigiún an Aigéin Chiúin, idir bheag agus mhór, idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil.

Sna cinn is mó de na líonraí sin, amhail Líonra Idirnáisiúnta Gnó na hÉireann, Irish Network USA, Cumann Gnó agus Líonra Ghael-Mheiriceá, Líonra Gnó na hÉireann sa Ghearmáin, Network IrlandeCumann Lucht Tráchtála na hÉireann san Astráil (i measc a lán eile), tugtar le cheile na céadta fiontraithe agus cuideachtaí. Chomh maith leo siúd, áfach, tá líonraí gnó Éireannacha in áiteanna níos faide i gcéin atá ag tacú le fiontraithe Éireannacha ach, thairis sin, atá ag tacú le cultúr na hÉireann agus le diaspóra na hÉireann i gcoitinne ina gceantar féin.

De bharr na trádála agus na forbartha i Stáit na Murascaille tá borradh mór faoi ghníomhaíocht na ngnólachtaí Éireannacha sa réigiún agus tá méadú tagtha dá réir ar líon na líonraí Éireannacha. Tá líonraí tacaíochta curtha ar bun ag Comhairle Gnó na hÉireann in Abú Daibí, ag Líonra Gnó na hÉireann in Dubai agus ag Comhairle Gnó na hÉireann i gCatar, chomh maith le clár gnóthach gníomhaíochtaí chun tacú leis na hÉireannaigh sa réigiún.

Global Irish _ Network Irlande

Gradaim Ghnó na Fraince 2015 i bPáras, le tacaíocht ó Network Irlande

Bunaíodh a lán líonraí gnó Éireannacha ar fud Oirthear na hEorpa freisin agus tháinig borradh fúthu tar éis gur tháinig cuid mhór de na stáit sin isteach san Aontas Eorpach in 2004. In áiteanna ar nós na hEastóine anois, tá líonraí gnó bríomhara Éireannacha a thugann tacaíocht freisin do dhiaspóra Éireannach na tíre ó thaobh cultúir agus oidhreachta. Sampla is ea Líonra Gnó na hÉireann san Eastóin den obair a dhéanann líonraí dá leithéid sna margaí beaga ardacmhainne. Ach súil a chaitheamh ar fhéilire mhíosúil na heagraíochta d'imeachtaí a cuireadh ar bun le déanaí, d'fheicfeá clár ócáidí cuimhneacháin 1916, seoladh mórbhranda dí Éireannaigh, cur i láthair ó líonra cógaisíochta na hÉireann... agus, ar ndóigh, gníomhaíochtaí chun tacú le CLG.

I gcás líonraí gnó a bhíonn ag freastal ar phobail bheaga Éireannacha, san Eastóin agus in áiteanna eile, ní éireodh leo feidhmiú murach an tacaíocht a fhaigheann siad ó oibrithe deonacha a bhíonn ag obair gan staonadh chun imeachtaí a chur ar bun, naisc ghnó a chothú agus airgead a bhailiú d'eagraíochtaí carthanachta áitiúla. Sna margaí beaga sin, tá a gcuid oibre ag cuidiú pobail rathúla Éireannacha a chothú agus an trádáil idirnáisiúnta le hÉirinn a chur chun cinn.

Is é an chatagóir dheiridh líonraí gnó Éireannacha ná iad siúd a bhíodh beag, b'fhéidir, san am atá caite ach a bhfuil borradh fúthu anois nach bhfacthas a leithéid roimhe seo. Is minic gur san Áise a bhíonn siadsan, nó i ngeilleagair de chuid na Síne agus tíortha i réigiún an Aigéin Chiúin. Tacaíonn na líonraí sin leis an trádáil le hÉirinn, trádáil atá seasta á leathnú, ach, thairis sin, déanann siad iarracht freastal ar an éileamh díocasach ar gach uile rud a bhaineann le hÉirinn, ó bhia go cultúr agus ón oidhreacht go dtí ealaíona na hÉireann. Tá na hÉireannaigh sa tSín amach chun tosaigh ar an mbóthar sin agus tá Cumann Lucht Tráchtála na hÉireann i Hong Cong agus Líonra na hÉireann sa tSín, dhá eagraíocht sheanbhunaithe, an-ghníomhach maidir le hÉirinn a chur chun cinn agus tacú le lucht an diaspóra Éireannaigh sna tíortha sin.

Níl ansin ach líon an-bheag samplaí de na líonraí ach tugtar léargas leo ar roinnt den chuid is fearr de dhiaspóra na hÉireann ó thaobh nuálaíochta, gnó, tallann fiontraíochta agus, ar ndóigh, tacaíocht don phobal.

Cibé an thar lear nó sa bhaile atá tú, is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi líonra i dtír nó i réigiún áirithe ach teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid nó Consalacht na háite sin, a bheidh in ann tú a chur sa treo ceart.

« Previous Item | Next Item »